Uimhreacha 31:41-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. Thug Maois do Eileázár an sagart an chuid a cuireadh i leataobh don Tiarna de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.

42. Maidir leis an leath ba dhual do chlann Iosrael, rud a chuir Maois ar leithrigh ó chuid na gcogthach,

43. is é seo an méid a bhí sa leath leis an gcomhthionól: trí chead tríocha seacht mhíle cúig céad de mhionairnéis,

44. tríocha sé mhíle eallach,

45. tríocha míle cúig céad asal,

Uimhreacha 31