41. Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n‑eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.”
42. Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna.
43. Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d'aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.
44. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
45. “Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.