Uimhreacha 25:12-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Fógair é seo dá bhrí sin: ‘Seo mé ag bronnadh mo chonradh mar chúiteamh airsean;

13. agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’ ”

14. An tIosraelach a maraíodh - an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach - Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon.

15. An Midiánach mná a maraíodh, Cozbaí iníon Zúr - taoiseach sleachta, teaghlach sinseartha i Midián - a ba ainm di.

16. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Uimhreacha 25