22. Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.
23. Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d'imigh an t‑asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t‑asal á chur ar ais ar an mbóthar.
24. Ansin sheas aingeal an Tiarna ar chosán cúng idir na fíniúna, le balla ar a dheis agus balla ar a chlé.
25. Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é.
26. Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé.
27. Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.