Uimhreacha 20:27-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile.

28. Bhain Maois a éidí d'Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh.

29. Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.

Uimhreacha 20