8. An té a loisc an bhó, ní mór dó a éide a ní agus a chorp a ionladh in uisce, agus a bheith neamhghlan go nóin.
9. Bailíodh duine atá glan luaithreach na bó, agus caitheadh sé in áit ghlan é lasmuigh den champa. Ní foláir é a choimeád i gcomhair chomhthionól chlann Iosrael le huisce na neamhghlaine a dhéanamh; is íobairt scriosta peaca í.
10. An té a bhailigh luaithreach na bó, níodh sé a éide agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bíodh seo ina reacht síoraí do chlann Iosrael agus don choimhthíoch ag cur faoi in bhur measc.
11. “An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
12. Déanfaidh sé é féin a ionladh leis na huiscí seo ar an tríú agus ar an seachtú lá, agus beidh sé glan. Ach mura ndéanann sé é féin a íonghlanadh ar an tríú agus an seachtú lá, ní bheidh sé glan.
13. An té a bhaineann le corpán mairbh, is cuma cé hé, agus nach ndéanann é féin a íonghlanadh, truaillíonn sé taibearnacal an Tiarna. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ó Iosrael, mar nár ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; bíonn sé neamhghlan; leanann a neamhghlaine de.
14. “Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
15. Ar an gcuma chéanna, gach soitheach oscailte nár iadh clab ná clúid air, bíodh sé neamhghlan.