22. Ná tagadh clann Iosrael i ngaobhar Bhoth na Teagmhála feasta; bheadh peaca ina ualach orthu agus gheobhaidís bás.
23. Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.
24. An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.”
25. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
26. “Abair leis na Léivítigh: ‘Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú.
27. Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t‑arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.