Uimhreacha 13:24-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Tugadh Gleann Eisciol (“Crobhaing”) ar an áit ón gcrobhaing a ghearr clann Iosrael anuas ansiúd.

25. Tar éis daichead lá d'fhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír.

26. Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.

27. Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.

28. Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.

29. Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”

30. Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimís seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.”

Uimhreacha 13