Uimhreacha 12:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra:Más fáidh aon duine in bhur measc,Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis;Labhraím leis in aisling.

7. Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta;Mo theach is baile dó;

8. Labhraím leis béal ar bhéal,Go soiléir gan tomhaiseanna,Agus feiceann sé cló an Tiarna.“Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”

9. Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. D'imigh sé leis.

10. Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.

11. Dúirt Árón le Maois: “Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach.

12. Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.”

13. Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: “A Dhia,” ar sé, “leigheas í le do thoil, impím ort!”

Uimhreacha 12