Uimhreacha 11:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Anois bhí an manna mar shíol coiriandair, agus dealramh bdellium air.

8. Ghabhadh an pobal timpeall agus chruinnídís é, agus mheilidís i muilte é, nó bhrúidís le tuairgnín é; dhéanaidís é a bhruith ansin i bpotaí, agus dhéanaidís cístí de. Bhí blas air mar a bheadh ar chístí bruite le hola.

9. Nuair a thiteadh an drúcht ar an gcampa san oíche, thiteadh an manna in éineacht leis.

10. Chuala Maois an pobal ag lógóireacht, gach clann i mbéal a botha, agus adhnadh fearg an Tiarna go tréan, agus bhí suaitheadh mór ar Mhaois dá bharrsan.

11. Dúirt Maois leis an Tiarna: “Cén fáth go bhfuil do shearbhónta agat á chrá? Cén fáth nach bhfuil do ghnaoi orm, ach tú ag cur ualach an phobail seo go léir sa mhullach orm?

12. An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: ‘Beir leat i d'ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche - chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha’?

13. Cá bhfuil feoil le fáil agamsa le tabhairt don mhuintir seo go léir nuair a thagann siad chugam agus na deora leo á rá: ‘Tabhair dúinn feoil le hithe!’?

14. Ní féidir domsa an pobal seo go léir a iompar liom féin amháin; tá an t‑ualach ró-throm dom.

15. Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”

Uimhreacha 11