30. “Ní rachaidh mé faraibh,” ar sé, “imeoidh mé chun mo thíre agus mo mhuintire féin.”
31. “Ná himigh uainn,” arsa Maois, “mar tá a fhios agat cár féidir dúinn ár gcampa a shuíomh san fhásach; agus beidh tú mar shúile againn.
32. Má thagann tú inár gcoimhdeacht, beidh tú páirteach i ngach beannacht sonais lena mbeannóidh an Tiarna sinn.”