Uimhreacha 1:36-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

37. Ba é a líon siúd ar threibh Bhiniáimin tríocha cúig mhíle ceithre chéad.

38. Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

39. Ba é a líon siúd ar threibh Dhán, seasca dó míle seacht gcéad.

40. Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

41. Ba é a líon siúd ar threibh Áiséar daichead a haon mhíle cúig céad.

42. Nuair a bhí ginealach mhuintir Naftáilí curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

43. Ba é a líon siúd ar threibh Naftáilí caoga trí mhíle ceithre chéad.

44. Sin iad na fir a áiríodh ag Maois agus ag Árón agus ag ceannairí Iosrael, dáréag díobh, gach duine díobh ag seasamh do theaghlach a shinsear.

45. Áiríodh de réir fine agus clainne gach fear de chlann Iosrael a bhí fiche bliain nó breis agus é ar a chumas airm a iompar.

46. Ba é an líon iomlán sé chead agus a trí mhíle cúig céad agus caoga.

47. Ach níor cuireadh na Léivítigh agus a dtreibh shinsearachta san áireamh.

Uimhreacha 1