Uimhreacha 1:19-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

20. Nuair a bhí ginealach mhuintir Reúbaen, céadghin Iosrael, curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis, ceann ar cheann, a raibh ar a gcumas airm a iompar.

21. Ba é a líon siúd ar threibh Reúbaen daichead sé mhíle cúig céad.

22. Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.

23. Ba é a líon siúd ar threibh Shímeon caoga naoi míle trí chéad.

24. Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.

25. Ba é a líon siúd ar threibh Ghád daichead cúig mhíle sé chéad agus a caoga.

26. Nuair a bhí ginealach mhuintir Iúdá curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

27. Ba é a líon siúd ar threibh Iúdá, seachtó ceathair míle sé chéad.

28. Nuair a bhí ginealach mhuintir Íosácár curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

29. Ba é a líon siúd ar threibh Íosácár, caoga ceathair míle ceithre chéad.

30. Nuair a bhí ginealach mhuintir Zabúlun curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

31. Ba é a líon siúd ar threibh Zabúlun caoga seacht míle ceithre chéad.

32. Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

33. Ba é a líon siúd ar threibh Eafráim daichead míle cúig céad.

34. Nuair a bhí ginealach mhuintir Mhanaise curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.

Uimhreacha 1