1. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
2. “Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh.
3. Gach fear in Iosrael os cionn fiche bliain agus é ar a chumas airm a iompar, déansa agus Árón iad a áireamh agus a ainmniú do láthair chatha.
4. Agus bíodh duine as gach treibh, ceann a fhine athartha, ag cabhrú libh sa ghnó seo.
5. “Seo iad ainmneacha bhur lucht cúnta:Do Reúbaen, Eilíozúr mac Shidéúr.
6. Do Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiríseadái.
7. Do Iúdá, Nachson mac Amaíneádáb.
8. Do Íosácár, Natanael mac Zúár.
9. Do Zabúlun, Eilíáb mac Haelon.
10. Do mhic Iósaef: do Eafráim, Eilíseámá mac Aimíohúd; agus do Mhanaise, Gamailíéil mac Phadázúr.
11. Do Bhiniáimin, Aibíodan mac Ghideoiní.
12. Do Dhán, Aichíeizir mac Aimíseadái.
13. Do Áiséar, Paigíéil mac Ocrán.
14. Do Ghád, Eiliásáf mac Dheúael.
15. Do Naftáilí, Aichíora mac Aenán.”
16. Oirearca an chomhthionóil iadsan, ceannairí a dtreibheanna dúchais, treoraithe shluaite Iosrael.
17. Rug Maois agus Árón na daoine seo, ar luadh a n‑ainmneacha, leo