Tóibít 8:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. agus chodail siad ar feadh na hoíche.Nuair a d'éirigh Raguéil ghlaoigh sé chuige a chuid seirbhíseach agus d'imigh siad amach agus bhain siad uaigh.

10. Óir dúirt sé, “Is eagal liom go bhfaighidh sé bás agus go ndéanfar ceap magaidh agus aithise dínne.”

11. Chomh luath agus a bhí an uaigh bainte acu chuaigh Raguéil isteach sa teach agus ghlaoigh sé a bhean chéile chuige

12. agus dúirt sé léi: “Ar mhiste leat duine de na cailíní aimsire a chur isteach sa seomra féachaint an bhfuil sé beo? Óir, más amhlaidh atá sé marbh, déanaimis é a adhlacadh gan fhios d'aon duine.”

13. Tar éis dóibh lampa a lasadh agus an doras a oscailt dúirt siad leis an gcailín dul isteach. Nuair a chuaigh sise isteach, fuair sí an bheirt acu ina sámhchodladh le chéile.

14. Amach léi láithreach agus d'inis sí dóibh go raibh Tóibias beo agus nach ndearnadh aon dochar ar bith dó.

Tóibít 8