Tóibít 7:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ansin chuir Raguéil fios ar a iníon, Sárá, agus tháinig sí chuige. Rug sé greim láimhe uirthi agus thug sé do Thóibias í á rá: “Cuirim faoi do chúram í; tugann an dlí agus an reacht atá scríofa i leabhar Mhaois duit í mar bhean chéile. Tóg í; beir leat abhaile go teach d'athar í le coinsias glan agus go rathaí Dia neimhe bhur dturas.”

13. Chuir sé fios ar a máthair ansin agus dúirt sé léi páipéar a thabhairt chuige. Ansin scríobh sé conradh pósta amach ag tabhairt Sárá dó mar bhean chéile de réir an reachta atá i ndlí Mhaois.

14. Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag ithe agus ag ól.

15. Tar éis tamaill bhagair Raguéil ar a bhean chéile, Eadna, agus dúirt sé léi: “Ullmhaigh an seomra breise, a bhean chóir, agus tabhair isteach ann í.”

16. D'imigh sise agus chóirigh sí an seomra mar a dúradh léi agus thug sí Sárá isteach ann. Thosaigh sí ag gol mar gheall uirthi ansin ach tar éis di a deora a thriomú dúirt sí le Sárá:

17. “Múscail do mhisneach, a iníon ó! Go dtuga Tiarna na bhflaitheas áthas duit in áit an dobróin. Bíodh misneach agat, a iníon ó!” D'imigh sí amach ansin.

Tóibít 7