Tóibít 2:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine.

5. Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón.

6. Chuimhnigh mé ar na focail a dúirt an fáidh Amós i dtaobh Bhéitéil:“Athrófar bhur bhféilte ina n‑ócáidí bróin,agus déanfar caointe de bhur n‑amhráin go léir.”

7. Agus rinne mé gol. Ansin tar éis dul faoi na gréine d'imigh mé amach agus rinne mé uaigh agus chuir mé ann é.

8. Thosaigh mo chomharsana ag gáire fúm, á rá: “Nach bhfuil eagla air níos mó? Bhíothas ar a thóir cheana féin chun é a mharú mar gheall ar an ngníomh seo agus b'éigean dó teitheadh agus seo anois é arís agus é ag adhlacadh na marbh!”

9. An oíche chéanna sin thug mé folcadh dom féin agus chuaigh mé isteach i mo chlós agus chuaigh mé a chodladh in aice le balla an chlóis. Ó bhí sé te d'fhág mé m'aghaidh gan chlúid.

10. Ní raibh a fhios agam go raibh gealbháin bhinne sa bhalla os mo chionn; thit a mbualtrach te isteach i mo shúile agus tháinig spotaí bána orthu. Chuaigh mé go dtí na dochtúirí chun leigheas a fháil. Ach dá mhéad ungaidh dár chuir siad orm is ea is daille a d'éirigh mo shúile de dheasca na spotaí, nó go raibh mé dall ar fad ar deireadh thiar. Ní raibh radharc na súl agam ar feadh ceithre bliana; bhí mo ghaolta uile buartha mar gheall orm; ach thug Aichícheár aire dom ar feadh dhá bhliain nó gur imigh sé go dtí Eilíomais.

Tóibít 2