21. Ach laistigh de dhaichead lá dhúnmharaigh beirt dá chlann mhac Sanaichéiríb agus theith siad go dtí sléibhte Ararat. Tháinig a mhac Asaradon i gcoróin ina áit. Cheap seisean Aichícheár, mac mo dhearthár Anael, i gceannas ar chúrsaí airgeadais uile na ríochta agus bhí an riarachán go léir faoina smacht freisin.
22. Ansin rinne Aichícheár idirghuí ar mo shon agus tháinig mé ar ais go Nínivé. Óir nuair a bhí Sanaichéiríb ina rí ar na hAsaírigh, b'é Aichícheár an príomhchornaire agus coimeádaí an tséala ríoga agus an riarthóir agus an cisteoir agus cheap Asaradon sna poist seo uile é athuair. Ar ndóigh, b'e Aichícheár mo nia agus mar sin de duine de mo lucht gaoil.