Tóibít 1:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. ach thug mise togha an aireachais nach n‑íosfainn a leithéid de bhia.

12. Mar sin de, ó bhí mé dílis do mo Dhia ó m'anam go hiomlán

13. bhronn an Té is Airde pearsantacht chomh geanúil sin orm go raibh lé ag Salmanasar liom agus cheannaíonn dó cibé soláthairtí a bhíodh uaidh.

14. Fad a mhair sé, théinn go dtí an Mhéide ag ceannach earraí dó. Ina theannta san chuir mé málaí a raibh deich dtallann airgid iontu i dtaisce ag m'fhear gaoil Gabael, mac Ghaibrí, i Raigéis sa Mhéide.

15. Nuair a cailleadh Salmanasar tháinig a mhac Sanaichéiríb i gcoróin ina áit; ach d'imigh na bóithre chun na Méide óna smacht agus níorbh fheidir dom dul ann a thuilleadh.

16. In aimsir Shalamansar is iomaí gníomh carthanachta a rinne mé do mo chomhthírigh;

17. roinninn mo chuid aráin ar lucht an ocrais agus thugainn éadach don nocht; dá bhfeicfinn aon duine de mo chine féin a bhí tar éis bás a fháil agus é caite lasmuigh de bhallaí Nínivé d'adhlacfainn é.

18. Thug mé adhlacadh chomh maith d'aon duine a mharaigh Sanaichéiríb; mar is amhlaidh a mharaigh sé a lán de mhuintir Iosrael le teann feirge tar éis dó imeacht ó Iúdáia ina theifeach nuair a chuir rí na bhflaitheas daorbhreith i bhfeidhm air de dheasca a chuid diamhaslaí. Ghoidinnse féin a gcoirp agus d'adhlacainn iad; nuair a chuardaíodh Sanaichéiríb iad ní fhaigheadh sé iad.

19. Chuaigh duine éigin de mhuintir Nínivé, áfach, go dtí an rí agus d'inis sé dó gur mise a bhí á n‑adhlacadh; mar sin de chuaigh mé i bhfolach. Ach nuair a fuair mé amach gurbh eol don rí cad a bhí déanta agam agus go rabhthas ar tí mo mharaithe tháinig eagla orm agus theith mé liom.

20. Ansin gabhadh seilbh ar a raibh agam agus cuireadh isteach sa chiste ríoga é. Níor fágadh agamsa ach mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias.

Tóibít 1