2. Ná [géill] do thnúthán do chroí,le heagla go dtollfadh sé d'anam mar tharbh buile,
3. Agus go n‑alpfadh sé do dhuilliúr agus go geaillfeá do thorthaíagus go bhfágfaí thú mar chrann feoite.
4. Scriosann drochmhianach an té ag a bhfuil sé,agus déanann ceap magaidh de ag a naimhde.
5. Dá shéimhe an comhrá is ea is líonmhaire iad na cairde;dá dhea-mhúinte í an teanga is ea is iomadúla iad na dea-bhéasa.
6. Bíodh lucht aitheantais gan áireamh agat,ach ná bíodh ach duine as míle ina chomhairleoir agat.
7. Sula ndéanann tú cairdeas le duine, cuir tástáil air;ná cuir do mhuinín ann go róluath.
8. Tá cara atá ina chara nuair a oireann dó,ach ná seasfaidh le do thaobh in am an ghátair.
9. Tá cara eile ann a thitfeadh amach leatagus a sceithfeadh ar an aighneas, rud a náireodh thú.
10. Tá cara eile fós ann a chaithfeadh béile i do chuideachta,ach nach seasódh le do thaobh ar uair na práinne;
11. Nuair atá ag éirí go maith leat, bíonn sé ar chomhchéim leat féin,agus déanann sé buannaíocht ar do chuid seirbhíseach.
12. Ach má leagtar ar lár thú choíche, iompóidh sé i do choinne,agus rachaidh sé i bhfolach ó do radharc.
13. Fan amach ó do chuid naimhde,agus bí ar d'aire ar do chairde.
14. Dídean dhaingean is ea cara dílis;an té a fhaigheann ceann, is stór atá faighte aige.
15. Níl malairt chuí le fáil ar chara dílis;ní féidir a luach a mheas.
16. Sláníoc na beatha is ea cara dílis;na daoine a bhfuil eagla an Tiarna orthu, gheobhaidh siad ceann.
17. An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanann sé cairdeas mar is cóir;óir, mar atá an duine, sin mar a bhíonn a chomharsa chomh maith.