4. Tugaidís aitheantas duitse faoi mar a aithnímidnenach bhfuil aon Dia ann ach thú, a Thiarna.
5. Tabhair comharthaí nua uait agus déan nithe iontacha eile;déan glóir a ghnóthú do do láimh agus do do ghéag dheas.
6. Adhain d'fhearg agus doirt amach do chuthach;scrios an t‑eascara agus díothaigh an namhaid.
7. Brostaigh an uain agus cuimhnigh ar an spriocam;agus bíodh d'éachtaí i mbéal na ndaoine.
8. Go loisctear an té a thagann slán i bhfraoch na feirge,agus go raibh an díothú i ndán do lucht urchóide a dhéanamh ar do phobal.
9. Basc cinn lucht ceannais an namhad,iad siúd a deir: “Níl ann ach sinn féin amháin.”
10. Cruinnigh le chéile treibheanna uile Iacóib;tabhair dóibh an oidhreacht mar a bhí acu ar dtús.
11. Déan trócaire, a Thiarna, ar an bpobal ar tugadh d'ainm féin orthu;ar Iosrael a bhí amhail céadghin agat.
12. v Bíodh trua agat do do chathair naofa,do Iarúsailéim, d'áit chónaithe féin.
13. Líon Síón le hamhráin do mholta,agus do [theampall] le do ghlóir.
14. Tabhair fianaise orthu siúd a chruthaigh tú ar dtús,agus comhlíon na tairngreachtaí a rinneadh i d'ainm.
15. Tabhair luach a saothair do na daoine atá ag tnuthán leat,agus cruthaigh go bhfuil do chuid fáithe iontaofa.
16. Éist a Thiarna, le guí do sheirbhíseach,de réir bheannacht Árón ar do phobal,
17. Agus beidh a fhios ag an uile dhuine ar an saol seogur tú an Tiarna, Dia síoraí.
18. Caitheann an goile gach sórt bia,ach is fearr bia ná a chéile.
19. Mar a fhaigheann an carball blas an ghéim,sin mar a aithníonn croí an eagnaí briathra éithigh.
20. Gineann an croí urchóideach dobrón,ach díolfaidh fear na taithí an comhar leis.
21. Tógfaidh bean aon fhear mar chéileach is fearr iníon ná iníon eile.