Síorach 35:20-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Nó go mbascfaidh sé leasracha na mí-thrócaireach,agus go ndéanfaidh sé díoltas ar na ciníocha,

21. Nó go scriosfaidh sé sluaite na n‑uaibhreach,agus go mbrisfidh sé ríshlata na n‑éagráifeach,

22. Nó go gcúiteoidh sé cách de réir a ngníomhartha,agus oibreacha na ndaoine de réir mar is dual do mhian a gcroí,

23. Nó go dtabharfaidh sé breith ar chás a mhuintire,agus lúcháir a chur orthu de bharr a thrócaire.

24. Bíonn fáilte roimh thrócaire in am an chruatain,faoi mar a bheadh roimh scamaill fearthainne le linn triomaigh.

Síorach 35