Síorach 26:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Léitear ainmhian mná ina súile drúisiúla,agus aithnítear í ar a fabhraí fiara.

10. Bíodh faire dhian ar iníon cheanndána,nó, nuair a bheidh cead a cinn aici,bainfidh sí feidhm dhíobhálach as.

11. Seachain a súil mhínáireach;agus ná cuireadh sé ionadh ort má pheacaíonn sí i do choinne.

12. Faoi mar a osclaíonn taistealaí a bhéal le barr tartaagus a ólann sé aon uisce a thagann ina threo,suífidh sí os comhair gach cuaille,agus osclóidh sí a bolgán don tsaighead.

13. Is geal le fear grástúlacht a mhná,agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.

14. Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal;ní féidir luach a chur ar mheon dea-mhuinte.

15. Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil;ní féidir aigne gheanmnaí a mheá mar is dual.

16. Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna,is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.

17. Mar an choinneal ag taitneamh ar an gcoinnleoir naofa,is mar sin atá ag ceannaithe áille ar cholainn chórach.

18. Mar cholúin órga ar bhonn airgid,is mar sin atá cosa dea-chumtha ar [sháile] daingine.

19. (Caomhnaigh bláth d óige, a mhic ó,agus ná caith do neart le coimhthígh.

20. Cuardaigh an machaire go léir le haghaidh ghoirt thorthúil;cuir do shíol féin ann, le barr muiníne as feabhas do phóir.

Síorach 26