29. Agus ag ceapadh teorann don fharraige,chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht,agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.
30. Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilteag cur áthais air ó lá go lá,agus ag súgradh ina láthair gan stad,
31. Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir,agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine.
32. “Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa;is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.
33. Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí;ná déanaigí faillí air:
34. Is méanar don fhear a éisteann liomsa,ag faire gach lá ag mo gheataí,ag feitheamh ag mo dhoirse.
35. Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha,agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.