Seanfhocal 4:12-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna;nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.

13. Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é;cosain é ós é do bheatha é.

14. Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach;ná siúl bealach na gciontach.

15. Seachain é, ná gabh an treo sin;tabhair cul leis, gabh thairis.

16. Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh;fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;

17. Sí an urchóid is bia acu,agus an lámh láidir an fíon a ólann siad.

18. Tá bealach na bhfíréan mar an láchan,agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.

19. Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain;ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.

20. Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic,agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.

21. Ná scaoil as do radharc iad,coinnigh i gcochall do chroí iad.

22. Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad,agus is sláinte iad don cholainn ar fad.

23. Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí,óir is ann atá foinsí na beatha.

Seanfhocal 4