Seanfhocal 22:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh;an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.

6. Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.

7. Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

8. An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.

9. Tá beannacht i ndán don duine cineálta,mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

10. Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis,agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

11. Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,agus is cara don rí fear na cainte caoine.

12. Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire,ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.

Seanfhocal 22