Seanfhocal 2:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin;is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.

8. Cosnaíonn sé cosáin na córa;cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.

9. Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir,an ceart agus bealach na fíréantachta.

10. Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach,agus gur geal le d'anam an t‑eolas,

11. Beidh an chríonnacht mar gharda ortagus an tuiscint i do chúram,

12. Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide,agus ar lucht na claonteanga,

13. Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachtad'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;

14. Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh,ar gean leo an chamastaíl,

Seanfhocal 2