Salm 83:16-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann;cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.

17. Folaigh a n‑éadan le náire;nó go n‑iarrfaidh siad d'ainm, a Thiarna.

18. Bíodh náire agus scéin go brách orthu;go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!

19. Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna;an Té is Airde os cionn an domhain go léir.

Salm 83