Salm 78:16-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraigis gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.

17. Ach lean siad leo ag peacú ina éadan;thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach;

18. chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí;d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.

19. Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá:“An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach?

20. Is fíor nuair a bhuail sé an charraiggur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte;ach an féidir dó arán a thabhairt dúinnnó feoil a sholáthar dá phobal?”

21. Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg éagus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib.Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael

22. de bhrí nár chreid siad i nDiaagus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh.

23. D'aithin sé do néalta neimheagus d'oscail sé doirse na spéire;

24. d'fhear sé anuas orthu manna le hitheagus bhronn sé bia ó neamh orthu.

25. D'ith an duine arán na n‑aingealóir thug sé flúirse bia dóibh.

26. Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucuagus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.

27. D'fhear sé orthu feoil mar dheannachagus éanlaith mar ghaineamh na trá.

28. Lig sé anuas i lár a gcampa iadar gach taobh thart timpeall a mbothanna.

29. D'itheadar a sáith, dá bhrí sin,óir thug sé dóibh gach a raibh uathu.

30. Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibhagus an bia ina mbéal go fóill

31. nuair a d'éirigh fraoch Dé ina n‑éadan,is gur leag sé ar lár a dtréanfhir,is gur threascair sé fíorscoth Iosrael.

32. Dá ainneoin sin uile pheacaigh siadagus níor chreid siad a éachtaí iontacha

Salm 78