Salm 68:30-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde,bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.

31. Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach,táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha;sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid;cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh.

32. Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigiptagus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé.

33. Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne,seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah

34. atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde;ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é.

35. Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Déa bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa;is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal.Moladh le Dia!

Salm 68