Salm 68:22-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh;baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.

23. Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad;tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,

24. chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhdeagus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí.

25. Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia;mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;

26. na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh,na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.

27. Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta;molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.

28. Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tsluaagus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite;mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí.

29. Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart,an chumhacht sin a d'oibrigh tú a Dhia, ar ár son.

30. As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde,bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.

Salm 68