Salm 66:11-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Sheol tú isteach sa líon sinngur leag tú tromualach anuas orainn.

12. Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainngo ndeachamar trí thine is trí uisce;ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.

13. Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom;leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna -

14. na móideanna a gheall mé ó bhéal duitagus a chan mo theanga le linn mo bhuartha.

15. Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthemar aon le deatach reithí dóite;ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit.

16. Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh,go n‑inseoidh mé a ndearna sé do m'anam.

Salm 66