Salm 63:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,canfaidh mo bheola do mholadh.

5. Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thúagus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.

6. Líonfar m'anam mar a líonfaí le fleá é,agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.

7. I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;

8. óir ráinig tú i do chúntóir agam,agus gairdím faoi scáth do sciathán.

9. Tá m'anam ag cloí go dlúth leat,agus coinníonn do dheaslámh suas mé.

10. An dream atá ar tí m'anama chun a scriosta,rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.

Salm 63