Salm 58:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroítheagus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.

4. Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.

5. Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe;le nimh na nathrach a chalcann a cluasa

6. d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóranó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.

7. Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia;stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.

8. Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána,go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.

Salm 58