Salm 57:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.

2. Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agatóir is ort atá tarraingt m'anama.Ar scáth do sciathán atá mo thriallnó go dtéann an anachain seo tharam.

3. Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde:ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.

4. Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh;go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta,go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.

5. Tá m'anam ina luí i measc leona d'alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos.Is sleánna agus saigheada a bhfiacla,is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.

Salm 57