1. Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví
2. nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”
3. Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais,a ghaiscígh na hurchóide?
4. Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae,agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar,a chealgaire ghlic.