Salm 49:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Óir ní buan é séan an duine;is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.

14. Slí na baothmhuiníne a slí siúd,críoch na droinge lenarb áil a maoin.Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe

15. mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireachtagus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.Imeoidh a dtaibhse ar maidin;san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.

16. Ach saorfaidh Dia m'anamsa ar ifreannan uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.

17. Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir;má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.

18. Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis,ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.

19. Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé -“maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” -

Salm 49