Salm 48:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Chruthaigh Dia i lár a dúntabheith ina dhaingean sábháilte.

5. Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéilegur ionsaigh siad in éineacht.

6. Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.

7. Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,amhail tinneas clainne;

8. mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadhloingeas Thairsís.

9. Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamari gcathair ár nDé;i gcathair Thiarna na sluaa dhaingnigh Dia go deo.

10. Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,i gceartlár do theampaill.

11. Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna,go críocha na cruinne.Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;

Salm 48