Salm 45:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

8. Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadhle hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.

9. Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí;seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

10. Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.

11. Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom;cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d'athar.

12. Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d'áilleacht;eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.

13. Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat‘s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte.

Salm 45