5. [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.
6. Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.Tá naimhde an rí ar díth a meanman.
7. Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.
8. Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadhle hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.
9. Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí;seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.
10. Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.
11. Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom;cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d'athar.
12. Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d'áilleacht;eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.