Salm 19:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Insíonn na laethanta an scéal dá chéileagus tugann na hoícheannta an t‑eolas dá chéile.

4. Ní chluintear caint ná canúint ná briathar

5. cé go ngabhann a nglór i ngach uile thíragus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian

6. a thagann mar nuachar amach as a sheomraag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.

7. Tá a thriall amach as teorainn na spéireagus a iomchuairt thart chun na teorann eile,agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.

8. Tá dlí an Tiarna gan cháim:athbheonn sé an t‑anam.Is iontaofa í fianaise an Tiarna,a thugann eagna don fhíréan.

9. Is díreach iad forálacha an Tiarna:cuirid áthas ar an gcroí;is glan í aithne an Tiarna,soilsíonn sí na súile.

10. Is íon í eagla an Tiarna,maireann sí go deo;is fíor iad reachtanna an Tiarna,táid uile go cóir.

11. Is mó is so-mhianaithe iad ná ór,ná mínór dá ghlaine;agus is milse iad ná mil,ná mil ar sileadh ón gcíor.

12. Múineann siad eolas do do ghiolla;is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

Salm 19