Salm 135:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bhuail sé céadghin na hÉigipte,idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.

9. Rinne sé comharthaí agus tuarthai gceartlár do thíre, a Éigiptin aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir.

10. Bhuail sé a lán de na ciníocha;agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha -

11. Síochon, rí na nAmórachagus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,agus ríthe Chanán go léir.

12. Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.

13. Maireann d'ainm de shíor, a Thiarna,agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

14. Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.

Salm 135