Salm 119:61-75 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

61. Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé;níor dhearmad mé do dhlí.

62. Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh,mar gheall ar d'fhoraitheanta córa.

63. Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla,agus a choimeádann do phroiceapta.

64. Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna;múin dom do reachtanna.

65. Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna,de réir do bhriathair.

66. Múin dom eagna agus eolas;tá mo dhóchas i d'aitheanta.

67. Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán;ach anois coimeádaim do bhriathar.

68. Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil;múin dom do reachtanna.

69. Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne;ach comhlíonaimse do phroiceapta.

70. Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige;faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.

71. Is méanar dom go raibh mé do mo chrá;ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.

72. Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilsená na mílte d'ór agus d'airgead.

73. Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé;múin dom d'aitheanta a fhoghlaim.

74. Feicfidh d'aos eagla agus gairdeoidh siad,toisc gur muinín liom do bhriathar.

75. Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d'fhoraitheanta;agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.

Salm 119