141. Is beag is fiú mé féin, agus is suarach;ní dhearmadaim do phroiceapta.
142. Is fíréantacht shíoraí í d'fhiréantachtsa;agus is daingean é do dhlí.
143. Tháinig anuas orm diachair agus dochraide;faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.
144. Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo;tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.
145. Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna;coimeádfaidh mé do reachtanna.
146. Glaoim ort; déan mé a tharrtháil;agus coinneoidh mé d'fhorálacha.
147. I moiche na maidine bím ag glaoch ort;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
148. Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche,ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.
149. Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá;beoigh mé de réir d'aithne.
150. Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom,agus iad i bhfad ó do dhlí.
151. Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna;agus is dílis iad d'aitheanta.
152. Is fadó a d'aithin mé ar d'fhorálachagur dhaingnigh tú iad go brách.