Salm 112:5-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid;riarann sé a ghnó go ceart onórach.

6. Ní chorrófar an fíréan choíche;mairfidh a chuimhne go brách na breithe.

7. Ní chuirfidh drochscéala eagla air;is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.

8. Is dílis daingean a chroí gan eagla;feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.

9. Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair;maireann a fhéile go brách agus choíche.Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.

10. Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile.Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé;agus meathfaidh mian an urchóidigh.

Salm 112