Salm 103:10-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.

11. Óir ní airde neamh os cionn talaimhná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.

12. Ní faide an t‑oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

13. Amhail is trua leis an athair a chlann,is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

14. Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinnagus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

15. Is cosúil ré an duine le féar;bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.

Salm 103