1. Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.
2. A Thiarna, éist le mo ghuí;agus go dtaga mo ghlór ag triall ort.
3. Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna,an uair a bhím do mo bhuaireamh.Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort;éist liom go luath agus freagair mé.
4. Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach;tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.
5. Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar;rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.
6. Bím ag caí agus ag gol go fuíoch;bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.