Rút 3:16-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nuair a shroich sí máthair a céile, d'fhiafraigh sise: “Conas a bhí agat, a iníon ó?” Ansin d'inis sí gach a ndearna an fear di.

17. Lean sí uirthi: “Agus thug sé na sé thomhas plúir seo dom,” ar sí, “agus dúirt sé liom: ‘Déan deimhin de nach folamh a rachaidh tú ar ais chun máthair do chéile.’ ”

18. D'fhreagair sise: “Fan, a iníon ó, go bhfeice tú conas mar a bheidh, mar ní rachaidh aon suaimhneas ar an bhfear nó go gcuirfidh sé nithe i gcrích inniu féin.”

Rút 3