1. Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í.
2. Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith.
3. Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus d'Acula,
4. a chuir a gceann i mbaol ar son m'anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith.