Nihimiá 12:37-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. lena ghaolta Seamaiá, Azarael, Milealaí, Gilealaí, Mái, Natanael, Iúdá, Hanáiní, agus uirlisí ceoil Dháiví, giolla Dé, á n‑iompar acu. Shiúil Eazrá rompu amach.

38. Ghabhadar díreach rompu ar aghaidh ag Geata an Tobair taobh leis na céimeanna suas go dúnfort Dháiví, ar feadh barr an bhalla agus suas ard phálás Dháiví go Geata an Uisce ar an taobh thoir.

39. Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],

40. ansin thar Gheata Eafráim, (thar an SeanGheata,) Geata an Éisc, agus Túr Hananael, chomh fada le Geata na gCaorach. Stad siad ag Geata [na Faire].

41. Chuaigh an dá chor buíochais ansin chun a n‑ionaid i dTeampall Dé. Bhí leath na bhfeidhmeannach in éineacht liomsa,

42. agus na sagairt Eiliácaím, Másaeiá, Miniáimín, Míocáiá, Eilióaenaí, Zacairiá, agus Hanainiá ag iompar stoc;

43. Másaeiá freisin agus Seamaiá, Eileázár, Uizí, Iahóchánán, Mailcíveá, Éalám agus Eizir. Chan na cantairí faoi threoir Iazraichiá a gceannaire.

44. Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.

45. Ceapadh fir ansin le bheith i gceannas na seomraí do na stóir, do na hofrálacha, na céadtorthaí agus na deachúna, d'fhonn go mbaileoidís isteach iontu na sciaranna úd ó na bailte fearainn a dheonaigh an dlí do na sagairt agus do na Léivítigh. Óir ba ábhar áthais ag Iúdá na sagairt agus na Léivítigh i mbun a ndualgas.

Nihimiá 12